Is iad na hoibrithe deonacha, baill agus lucht tacaíochta na daoine a chuireann rudaí i gcrích. Chabhraigh obair dhian agus cruthaitheacht leis na Glasaigh dosaen suíochán comhairle a bhuachan sa toghchán deireanach.
I ngníomhaíochtaí amhail scannánú físeán agus nuashonrú ár gcuntais ar Twitter, canbhasáil agus taighde ar pholasaithe, tá ár n-oibrithe deonacha mar chroílár an pháirtí – agus tá cáil orainn taitneamh a bhaint as cóisir mhaith nuair a bhíonn an obair dhian déanta.
An dóigh leat gurb é seo tusa? Bí mar chuid den mheitheal.
Ní gá d’oibrithe deonacha gealltanas socraithe ama a dhéanamh ós rud é gur féidir obair a dhéanamh taobh amuigh de ghnáthuaireanta oifige.
Tá acmhainní ar fáil in oifig an Chomhaontais Ghlais amhail oiliúint, meantóireacht, deasc shealaíochta in éineacht le ríomhaire Mac, bogearraí, clóire, fón agus seirbhís idirlín gan sreang.
Beidh tacaíocht chomhaltaí an Fheidhmeannais Náisiúnta agus Cheannaire an Pháirtí ar fáil go réidh, in éineacht le cúnamh agus tacaíocht bhaill an pháirtí agus oibrithe deonacha eile fad is a bhítear ag ceapadh agus ag cur an fheachtais i bhfeidhm.