Is ailtire agus pleanálaí é Ciarán agus tá feachtasaíocht déanta aige ar feadh cuid mhaith blianta chun cathair bheoga a chruthú, agus é mar Bhleá Cliathach, mar Chomhairleoir agus mar Aire Pleanála.
Nuair a bhí sé ina Theachta Dála agus ina Aire Sóisearach den Chomhaontas Glas, d'athraigh sé ár ndlíthe pleanála ar mhaithe le leas an phobail a chur mar thosaíocht iontu, agus le deireadh a chur le criosú a dhéantar ar mhaithe leis na forbróirí.
Is léachtóir é le hathnuachan uirbeach ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i láthair na huaire agus tá sé mar Chathaoirleach ar Choiste Campais Ghlais ITBÁC. Bhunaigh sé grúpa 'Love Moore Street', is ball é d'Fheachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath agus d'oibrigh sé le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun suíomh a chur ar fáil do Ghaelscoil Choláiste Mhuire ar Shráid Dhoiminic.
Déan teagmháil le Ciarán ag:
+353 (0) 87 265 2075