Ceartas


Is gá córas dlí agus cirt na hÉireann a athchóiriú agus tá gá le smaointeoireacht nua faoin gcaoi le dul i ngleic le coireacht i ngach aon chuid den tsochaí chun seo a dhéanamh. Caithfear caitheamh ar bhealach níos dáiríre le coireanna in aghaidh na mban agus leanaí go háirithe. Creideann an Comhaontas Glas i gcóras dlí agus cirt a chuireann ciontóirí ar bhóthar a leasa chomh maith le pionós a ghearradh orthu.